👋 Haigh, is mise Cormac
Is mise Cormac Kinsella (nó Cinnsealach i nGaeilge), iarrthóir PhD sa mhatamaitic ag Ollscoil Teicniúil München, faoi stiúir an Ollaimh Massimo Fornasier ag an gCathaoir um Anailís Uimhriúil Fheidhmeach, agus is ball mé de Shaotharlann ATARI, faoi cheannas an Ollaimh Majid Khadiv, ag Institiúid München don Róbataic agus don Intleacht Mheaisín. Bhain mé BSc sa Mhatamaitic amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (2023) agus MSc sa Mhatamaitic agus san Fhaisnéisíocht ó TUM (2026).
Baineann mo chuid taighde le Consensus-Based Optimisation (CBO) ar mhanifhillteacha: oibríonn scaoth cáithníní idirghníomhacha le chéile chun global minimum feidhme neamhchonveacsaí a aimsiú ar spás cuar. Sa róbataic, cuirim na modhanna seo i bhfeidhm ar fhadhbanna ardtoiseacha, go háirithe diverse scene generation: Bíodh radharc ann. Is é an aidhm sampla amháin a aimsiú de gach bealach ar leith inar féidir lena chuid réad teacht ar fos.
Sular thosaigh mé ar mo PhD, d’oibrigh mé mar innealtóir bogearraí, ag an BMW Group le déanaí, áit ar fhorbair mé numerical libraries agus datahubs. Is cainteoir Gaeilge mé freisin, le canúint Chois Fharraige i gConamara, agus chabhraigh mé le haipeanna agus cluichí a aistriú go Gaeilge, an t-aistriúchán oifigiúil Gaeilge ar Among Us ina measc (alt in The Verge).
🚀 Tionscadail roghnaithe
- metal-linalg: QR, eigendecomposition agus SVD do bhaisceanna maitrísí, GPU-accelerated ar Apple Silicon, do MLX agus PyTorch (tuilleadh eolais)
- holographic-tensor-networks: leabharlann Python do líonraí teannasacha (tensor networks) holagrafacha ar fhoirgnimh hipearbóileacha (tuilleadh eolais)
- isomorphism: leabharlann teannas C++ atá backend-agnostic, do MLX, PyTorch agus Eigen (tuilleadh eolais)
- riemannian-gaussian-sampler: samplú beacht ón dáileadh Gaussach Riemannach ar SO(d) agus ar mhanifhillteacha Stiefel (tuilleadh eolais)
Do mo chuid tionscadal eile, féach ar mo phunann.
Is féidir teagmháil a dhéanamh liom trí ríomhphost: cormac.c.00@gmail.com
