Díorthaigh feidhm a ionsamhlaíonn bonn neamhchlaonta - Dúshlán Códaithe 1

2 minute read

Published:

Bíodh toss_biased ina fheidhm a thuganns ceann (H) or cruit (T) le dóchúlacht $p$ agus $q$ faoi sheach, áit a bhfuil $p \neq q$, .i. tá an bonn claonta.

Díorthaigh feidhm a ionsamhlaíonn bonn neamhchlaonta.

Cuimhnigh ar dhá bhonn neamhspleácha

\[B^{(1)} \sim \text{ toss_biased() } \\ B^{(2)} \sim \text{ toss_biased() } \notag\]

Ina theannta sin, cuimhnigh ar na péirí teagmhas a leanas

\[\begin{align} \{H^{(1)}H^{(2)}\}, \{T^{(1)}T^{(2)}\} \notag \\ \{H^{(1)}T^{(2)}\}, \{T^{(1)}H^{(2)}\} \notag \end{align} \notag\]

áit arb iad $H^{(i)}, T^{(i)}$ na teagmhais a aschuireann bonn $B^{(i)}$ $H$ nó $T$.

Mar gheall ar neamhspleáchas, is féidir an dóchúlacht a ríomh le riail an toraidh $P(B^{(1)}, B^{(2)})=P(B^{(1)})P(B^{(2)})$. Ag seo a gcomhdóchúlachtaí

$P$$H^{(1)}$$T^{(1)}$
$H^{(2)}$$p^2$$pq$
$T^{(2)}$$pq$$q^2$

Anois tabhair faoi deara go bhfuil $P(H^{(1)},T^{(2)})=P(T^{(1)},H^{(2)})$. Saothróidh muid an t-airí seo mar bhunús don réiteach ar an dúshlán seo. Bíodh

\[\bar{H}=\{H^{(1)}T^{(2)}\}\\ \bar{T}=\{T^{(1)}H^{(2)}\} \notag\]

mar thorthaí féidearthacha an bhoinn nua $\bar{B}$. Is léir ón airí thuas go bhfuil

\[P(\bar{H}) = P(\bar{T}) \notag\]

agus is bonn neamhchlaonta é $\bar{B}$ dá réir. Mar aon leis, cuimhnigh ar na tacair a leanas

\[J=\{H^{(1)}T^{(2)},T^{(1)}H^{(2)}\}=\{\bar{H},\bar{T}\}\\ K=\{H^{(1)}H^{(2)},T^{(1)}T^{(2)}\} \notag\]

Tabhair faoi deara go bhfuil $r:=P(J)=2pq$ agus $s:=P(K)=p^2+q^2$. Féadfaimis na teagmhais thuas a bhreacadh mar chrann thíos

Léaráid Mharkov den phróiseas togartha

Is é $J$ an t-aon teagmhas ina bhfáightear na teagmhais $\bar{H}$ nó $\bar{T}$ agus tá muid ag iarraidh go dtarlóidh teagmhas $J$ lena thoradh neamhchlaonta a fháil. Beidh orainn an próiseas a reáchtáil go hathchúrsach le go dtarlóidh $J$. Dá dhá bhrí sin, is dual dúinn cuimhniú ar an gcrann mar phróiseas Mharkov $X_n$

Léaráid Mharkov den phróiseas togartha $ P = \begin{bmatrix} r & s \\ 0 & 1 \end{bmatrix} $

Tabhair faoi deara go bhfuil $P(T_J = k) = s^{k-1}r$. Ríomhadh muid $T_J$ go dtí go mbeidh $X_n = K$ i gcás $n \geq 1$ eicínt. Is í an dóchúlacht go mbaintear $K$ amach agus $n$ ag teannadh $n \to \infty$, .i. go mbainfear $K$ amach thar éis céimeanna éigríche, ná:

\[\begin{align} P(T_J \geq 0) &= \sum^{\infty}_{k=1} P(T_J = k)\notag \\ &= \sum^{\infty}_{k=1} s^{k-1}r \notag \\ &= \frac{r}{1-s} \notag \\ &= \frac{2pq}{1-p^2-q^2} \notag \\ &= 1 \notag \end{align} \notag\]

Dhá bhrí sin, tarlaíonn teagmhas $J$ thar éis oiread céimeanna éigríche. Ós go dtarlaíonn teagmhas $J$ beagnach go cinnte, cuimhníodh muid ar an bhfeidhm a leanas

unbiased_toss() {
  b1 = toss_biased()
  b2 = toss_biased()

  if b1 == b2 {
    # Teagmhas K
    # Fós ag fanacht go dtarlóidh an teagmhas J a bhfuil toradh neamhchlaonta air. 
    # Cuirfidh muid unbiased_toss i gcrích aríst.
    return unbiased_toss()
  } else {
    # Teagmhas J
    # Toradh neamhchlaonta a thabhairt.
    if (b1 == H) {
      return H_unbiased
    } else {
      return T_unbiased
    }
  }
}