BCMS Upload Services

Léargas

I 2014 cuireadh an Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta agus Faireachas Margaidh ar bun de réir achta S.I.9 um Rialú Foirgníochta (Leasú), le maoirseacht, tacaíocht agus treoir a chur ar fáil d’fhorbairt, do chaighdeánú agus do chur i bhfeidhm Rialaithe Foirgníochta in Éirinn. Níor mhór don lucht ceirde san earnáil tóigeála cáipéisí dá leithéid a chur isteach ar an oifig lena n-aithbhreithniú agus lena bhfoilsiú go poiblí, rud a fhéadtar a dhéanamh ach a suíomh gréasán Building Control Management System (a.k.a. BCMS) a úsáid.

Tá gearáin déanta ag iliomad gnólachtaí tóigeála go bhfuil an t-uafas moille ar cháipéisí a uaslódáil, agus is minic a uaslódáiltear idir 50 go dtí 200 cáipéis san iarratas. I roinnt cásanna, fógraíodh gur theastaigh suas go dtí 5 nóiméad le cáipéis 2mb amháin a chur isteach. Caithfidh úsáideoir cáipéisí a uaslódáil go hindibhidiúil.

Is é an réiteach atá ar an bhfadhb seo seachfheidhmchlár idirlín a chruthú a ligfeadh cáipéisí a uaslódáil in aon triail. Ní theastaíonn ach cupla soicind cáipéisí a uaslódáil go dtí an feidhmchlár agus uaslódáiltear iad go dtí an suíomh BCMS oifigiúil sa gcúlra. Lena chois sin, tá córas scuaine bunúsach feistithe ag an bhfeidhmchlár le haghaidh ró-mhéid iarratas á gcur isteach ar an suíomh BCMS oifigiúil a sheachaint agus le haghaidh fadhbanna feidhmíochta atá ag an suíomh cheana féin a mhaolú.

Cliceáil anseo le haghaidh é a úsáid.

Áiléar

Sonraí teicniúla

Tá an feidhmchlár bunaithe ar Kotlin Multiplatform le Modúl Coitianta, Modúl Freastálaí agus Modúl Feidhmchlár Idirlín. Roinntear an Modúl freastálaí ina fhómhodúil bunaithe ar ailtireacht heicseagánach agus tá fómhodúl ar a dtugar web-app ann a choinníonns feidhmchlár Spring Boot. Coinnítear feidhmchlár ReactJS sa Modúl Feidhmchlár Idirlín atá scríobtha i Kotlin-JS agus bunaithe ar an gcreat trin-react.

Tá seachfheidhmchlár Wordpress ann freisin a leagans amach an príomhsuíomh.

Le haghaidh tuilleadh eolais don té ar suim leo na sonraí teicniúla, féach an t-Alt seo