House of Costs

Léargas

De ghnáth nuair ba mhian teach a athchóiriú le dearadh nua, fiafraítear de chonraitheoir a thiocht ar an láthair, tomhas nó dhó a fháilt den seomra agus cruthaíonn an conraitheoir meastachán costais le haghaidh an athchóirithe. Áfach, is iomaí locht ar an modh a fháitear an meastachán. Ar an gcéad dul síos, tigtear nach bhfuil mórán (nó tada) trédhearcachta sa meastachán. Ní bhíonn i gceist le roinnt mhaith meastacháin ach buille faoi thuairim agus ní chuimhnítear ar na háirimh le bun slán (gan trácht ar a eatramh cruinnis). Ar a bharr sin, ní féidir le cliant léargas ar bith a fháilt ar a mbeadh i gceist le hathchóiriú.

Is é an réiteach atá ar an bhfadhb seo feidhmchlár idirlín ar a dtugtar House of Costs. I dteannta innealtóra sibhialtaigh Kevin Mitchell, chruthaigh muid feidhmchlár idirlín a thuganns meastachán, le bun matamaitice níos cruinne. Is féidir le conraitheoir agus cliant araon é a úsáid gan mórán stró.

Cliceáil anseo le haghaidh é a úsáid.

Treoracha

Gabhann úsáideoir ar an suíomh gréasáin agus brabhsálann sé na tionscadail éagsúla seo againn agus íomhánna leo. Roghnaíonn an t-úsáideoir tionscadal agus brúnn sé ar “View Cost”. Ní mór don fheidhmchlár 3 rud bhunúsacha a fháilt sol má fhéidir leis meastachán a chruthú, eadhon: Suíomh theach an úsáideora, Ceistneoir faoin seomra le n-athchóiriú comhlíonta agus Toisí is Leagan amach an tseomra. Soláthraíonn an feidhmchlár an meastachán bunaithe ar iliomad áireamh agus tugtar meastachán sonrach. Ansiúd a fheictear chaon ábhar a bheas i gceist leis an athchóiriú, costas na n-ábhar agus costas saothair.

Áiléar

Sonraí teicniúla

Tá an feidhmchlár bunaithe ar Kotlin Multiplatform le Modúl Coitianta, Modúl Freastálaí agus Modúl Feidhmchlár Idirlín. Usáidtear Spring Boot sa Modúl Freastálaí agus coinnítear eolas ar na tionscadail, ar na hábhair éagsúla agus ar cheisteanna an cheistneora i scarbhileoga Excel.

Nuair is mian tionscadal a nua a chur leis, ceist a athrú nó a chur leis sa gceistneoir ⁊rl, sonraíonn an t-Innealltóir an t-eolas sa scarbhileog iomchuí agus ansin, uaslódálann sé í go dtí An Freastálaí. Próiseálann An Freastálaí an eolas sa scarbhileog agus claraíonn sé é le bunachar inmheánach ar a dtugtar ‘An Chlarlann’. Nuair a fhiafraítear den fhreastálaí meastúchán a chruthú, díorthaíonn sé é bunaithe ar eolas na Clarlainne agus áiríonn sé na foirmilí. Freagraíonn An Freastálaí le haschur agus tugtar nasc buan den mheastúchán uathúil - dá bhrí sin, is féidir an meastúchán a rochtain aríst.

Coinnítear feidhmchlár ReactJS sa Modúl Feidhmchlár Idirlín atá scríobtha i Kotlin-JS agus bunaithe ar an gcreat trin-react.